[Verse 1]
Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas ró-bhreá
Is do ghluaiseathair uaimse leath-uairín roimh lá
Ag iascaireacht i mbád, i gcontúirt bhur mbá
'S go mbeidh iarsma na bliana úd bhur ndiaidh go bhfaghad bás
[Verse 2]
'Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem chlainn
Agus coicís ón lá san a tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhrí, gan anam 'na chroí
Ach a ghéaga boga geala is iad leata ar a dtoinn
[Verse 3]
'Sé Cormac mo stór, 'sé rí na bhfear n-óg
A bhí mómhuil maiseach múinte géarchumtha go leor
Do scríobh sé ar a' gcóir leis an mbúcla ' bhí ina bhróig
Gurb í Carraig Aonair a chéile go deo
[Verse 4]
Nuair a théimse ar an gclaí, is go bhfeicim uaim síos
Nuair a chím Carraig Aonair ó pléascann mo chroí
Is ar ais liom arís go mullach mo thí
Ós gurb í Carraig Aonair is céilí dom chloí
Lyrics provided by LRCLIB